Píseň: Mna Na H-Eireann

Interpret:
Nolwenn Leroy
Album:
Bretonne
Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh 
is mo sháith le n-ól
Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe 
mo ráfla ceoil Ná seinm théad; 
atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo
Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré 
is mo thárr faoi fhód


Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom 
mur' bhfaighfinn ach póg
Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, 
is mo dháimh féin leo;
Tá bean ab fhearr liom 
nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, 
dubhghránna cróin.


Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go 
bhfaighinn an t-ór,
Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná 
na táinte bó
Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir 
is clár Thír Eoghain,
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin 
ach scaird a dh'ól.